Once In Royal David’s City

Once In Royal David’s City / Naíonán Rí / ‘Lá Fadó I gCathair Rí Dháibhí’

Unique Word Count: 76

Lá fadó i gcathair Rí Dháibhí,
Tháinig naíonán ar an saol.
Rugadh é go humhal sa stábla,
Bó ‘gus asal lena thaobh.
Críost Mac Dé an leanbh caoin,
Muire ghlé a mháthair mhín.

Tháinig sé anuas ar talamh,
Rí na cruinne, Rí na sló.
Naíonán Rí ina luí sa mhainséar,
Aoirí bocht ‘ag umhlú dó.
Mian a chroí bheith linne deo,
Cónaí ‘dhéanamh linn go deo.

Tháinig sé le muid a shlánú,
Moladh glóir ‘s buíochas dó.
Uan geal Dé ar bís le grá dúinn,
Ar ár son do céasadh beo.
Ceolaimis le háthas croí,
Glóir go hard don Naíonán Rí.

Source: https://tairseachcogg.ie/Container/Documents/Cnuasach_Car%C3%BAl_Nollag_20220113092007464.pdf