A Bhean Úd Thíos

Unique Word Count: 110

A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin, 
Seó hú leo, seó hú leo,
An dtuigeann tusa fáth mo ghearáin? 
Seó hú leo, seó hú leo.
Is gur bliain is an lá ’niu 
’fuadaíodh mé ó m’ leannán,
Seó hú leo, seó hú leo,
Is a rugadh isteach mé i Lios an Chnocáin, 
Seó hú leo, seó hú leo.

Seo é ’nseo mo theach mór maiseach,
Seó hú leo, seó hú leo,
Is mó leann úr agus seanleann ann, 
Seó hú leo, seó hú leo.
Is mó mil bhuí agus céir bheach ann, 
Seó hú leo, seó hú leo,
Is mó seanduine ar a nasc ann, Seó hú leo, seó hú leo.

Is mó buachaill cúldonn cas ann, 
Seó hú leo, seó hú leo,
Is mó cailín cúlbhuí tais ann, 
Seó hú leo, seó hú leo.
Tá dhá bhean déag ag iompar mac ann, 
Seó hú leo, seó hú leo,
Tá an oiread eile lena n-ais ann. 
Seó hú leo, seó hú leo.

Abair le’m chéile teacht amárach, 
Seó hú leo, seó hú leo,
’S an choinneal chéarach i gcroí a
 dhearnan,
Seó hú leo, seó hú leo.
Scian choise dui’ ’thabhairt ’na láimh leis,
Seó hú leo, seó hú leo,
’S an capall tosaigh a bhualadh sa bhearna.
Seó hú leo, seó hú leo.

An luibh a bhaint ’tá i ndoras an leasa,
Seó hú leo, seó hú leo,
Mar shúil le dia go raghainn leis abhaile, 
Seó hú leo, seó hú leo.
Nó mura dtaga sé faoin tráth sin, 
Seó hú leo, seó hú leo,
Go mbeidh mé i m’ bhanríon ar na mná seo.
Seó hú leo, seó hú leo.