Unique Word Count: 78
A bhuachaill an chúil dualaigh, cár chodail mé aréir? Ag colbha do leapa is níor airigh tú mé; Dá mbeadh fios mo cháis agat ní chodlófá néall, Is gurb é do chomhrá binn blasta d’fhág an osna seo i m’ chléibh. A bhuachaill an chúil dualaigh, nár fheice mé Dia Go bhfeice mé do scáile ‘teacht idir mé is an ghrian; Ní aithníonn tú mo mhearú is ní airíonn tú mo phian, Is mar bharr ar gach ainnis is leat a chailleas mo chiall. A bhuachaill an chúil dualaigh, ‘bhfuil ár sonas le fáil Nó an mbeimid le chéile ar aon lóistín amháin, Sinne araon pósta, a stór is a dhianghrá, Ár n-aimhleas ar lár is ár gcomhgas go sámh?