A Mháire Bhruinneall

Unique Word Count: 115

Orú Mháire Bhruinneall, ‘ bhláth na Finne
'ndiaidh mé do leanstan aniar anall
O ba bhinne liom do bhéal ná no cuacha a’ seinm 
'S tú d’fhág mise i ndeallaraí 'n bháis.

Á mhéad é mo thuirse níor léir domh a’ choinneal
Deir siad gur mise a mheallas na mná 
Mharaigh tú go deo mé, lagaigh tú go mór mé 
'Gus gach a bhfuil beo domh, bhris tú mo chroí.

Bhí mé lá go ceolmhar insa ród
‘S tharlaigh domhsa 'n óigbhean chaoin. 
Bhí a trí puint óir leí síos go troigh
Agus í á gcarnadh ar gach taobh.

Orú Mháire Bhruinneall, ‘bhláth na Finne
'ndiaidh mé do leanstan aniar anall
O ba bhinne liom do bhéal ná na cuacha a’ seinm 
'S tú d’fhág mise i ndeallaraí 'n bháis.

A Mháire, ‘rún, a bhláth na n-úll, 
Ná mealltar thú le Munsterman,
Is go gcuirfeadh sé i gcéill na mílte bréag 
Le glórtha béil achan uair den lá.

B’fhearr duit féin do shíneadh i gcré 
Ná bheith i bpéin go bhfaighfeá bás, 
Sula bpósfá an réic a shiúil an saol 
Ag tiomsú bréag is ag mealladh ban.