Unique Word Count: 128
A Mhuire 's a Rí gan orm na méara 'Bhuailfeadh port ar phíobaí ceoil; Bhuailfinn port aoibhinn an taobh seo den tír Nach gcuala sibh riamh a leithéid go fóill. Níl cuach ar chrann a rachadh chun scaoil, Níl giorria i dtom nach bhfuígfeadh an saol, Níl duine 'bhfuair bás nach n-éireodh slán Le haoibhneas mo mhálaí ag séideadh ceoil. Is buartha bocht imníoch a chaith mise an geimhreadh, Gorta agus ampla tharam go leor; Cuid de mo mhuintir idir dhá chontae, Cuid i bhFear Manach agus cuid i dTír Eoghain. Ach tiocfad ar ball le ruaiteacht an tsamhraidh Is buailfead go teann mo bhata ar an bhord; Suífead i seomra is scairtfead ar dhram, 'Sé a déarfaidh sí liom 'Cuir glac ar a scorn'. Glorthaí gan suim a chuir sí i mo cheann, An bhean a dúirt liomsa go gceannóinn bó, Is gan a fhios cen poll a bhfuígfí í ann Is nach n-ólfainnse pionta dá bainne go deo. Tá bainne agus im go fairsing le roinnt Ag mná Mhín na gCuibhreann is mo bheansa gan deoir, An bhean is fearr a bheadh liom 'sí is fearr a gheobhadh roinnt Dá ngluaisfeadh sí liom ar fud an tsaoil mhóir.