Unique Word Count: 134
Glaoim ort a mhuirnin óg, Glaoim ort a mhíle stór, Tar is labhair liom uair nó dhó Go n-insí mé mo scéal duit. Curfá: A mhuirnín óg, a mhíle grá, A mhuirnín óg 's tú rinne mo chrá, A mhuirnín óg nach fada 'n Iá Ó gheall tú mise 'pósadh. Searc go dtug mé duit is grá, Ceart ní bhfuair mé uait ach crá, Rinne tú gual den chroí in mo Iár, Ó thréig tú mé gan ábhar. Curfá Suím síos 'e chois a’ chuain, A' caint liom féin 's a' déanamh bróin, Ach ní chluinim ceiliúr binn na gcuach, Mar chluininn féin in m'óige. Curfá Seal a bím a' déanamh bróin, Seal beag eile 'déanamh ceoil, Seal a’ meabhrú ar mo dhóigh, 'S a gol fán mhnaoi nach bhfuair mé. Curfá Nuair a théim go tigh an óil, Is suím síos le gloine ar bord, Báithim dhá dtrian bróin sa bheoir, Agus scilim rún mo chroí amach. Curfá A ríbhean deas na gcoirnín dlúith, 'Bhí múinte cneasta socair ciúin, Pill ar ais is leigheas mo chumhaidh, 'S beidh Dia ina bhun go deo duit. Curfá Tá mé 'nois 'mo luí ar leabaidh 'n bháis, Mo chónair déanta réidh gan spás, Dá dtigtheá is labhairt liom uair amháin, Go leigheasfeadh glór do bhéil mé. Curfá
-Seán Bán Mac Grianna