A Neansaí, A Mhíle Grá

Unique Word Count: 174

A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál, go bhfeice mise 'n t-ádh 'gus an séan ort; 
Ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá ná 'n eala 's í a' snámh ar an Éirne.
Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht ‘s is binne liomsa thú ná na téadaí;
Is mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i lionn dubh ‘gus cuirfear insa chill 'do dhéidh mé.

Is iomaí sin guth mná a chluinimse ’ ngach aird abhus agus taobh thall den Éirne.
Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Áth' na Sluaigh ‘s í Neansaí 'thug bua ar a' méid sin.
A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é 'r saol dá mbeinnse agus í le chéile? 
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún ag cogarnaíl ar uaigneas an tsléibhe.

Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach is aithris di gur buartha atá mé. 
Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche ach le harraing atá trí mo thaobh deas; 
Aithris é dá súil, aithris é dá cúl, aithris é dá méin mhaith chéillí.
Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn, gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha.

Dé Domhnaigh chífeas mé stór geal mo chroí, tiocfaidh an t-amharc chu’m arís ’gus an éisteacht; An tuirse atá ar mo chroí imeoidh sí díom ’s ní aithneofaí an aois ar m’éadan.
A Mhuire ’gus a Rí, nach atuirseach a bhím is go scaipfinn dá mba fíon uilig an Éirne;
’Bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian, níorbh fhada mé sa tsaol seo ina héagmais.