A Stór, A Stór, A Ghrá

Unique Word Count: 100

Curfá:
A stór, a stór, a ghrá, a stór, a stór a' dtiocfa' tú? 
'Stór, a stór, a ghrá, a' dtiocfa' tú nó a’ bhfanfa' tú?

Bhí mé lá breá samhraidh 'mo sheasamh ar a’ mhargadh
'S is iomaí fear a dúirt liom: "Monuar, gan tú sa bhaile 'gam."

Curfá

Gheall mo ghrá domsa cinnte go dtiocfadh sí
Ní raibh a culaith déanta 'gus sin a rud a choinnigh í.

Curfá

Tá'n t-uisce 'teacht ón Éirne 's tá an féar a' teacht ó neamh chugainn 
Tá úth' na mba á réabadh ar mhéad a's tá de bhainne acu.

Curfá

Thart tóin a' gharraí, a Mháire 'bhfuil an fhidil leat? 
Aicearra na bprátaí go dté muid 'sair an Fhidileoir.

Curfá

Bhí mise lá den tsaol a's bhí cion amuigh 's istigh orm
Nach mór a d'athraigh 'n saol nuair nach hhfuil cion ag duine ar bith orm!

Curfá