A’ Taisteal Domh Síos Fá Na Cóstaí

Unique Word Count: 231

A' taisteal domh síos fá na cóstaí,
'S mé 'g imeacht gan bhuaireamh gan bhrón, 
'S é casadh mé isteach tigh an óstaí
Go gcaithfinn an oíche le spórt.
Cé 'casadh 'n mo shlí ach a' spéirbhean 
A chuir siabhrán ar m'aigneadh go deo, 
Bhí loinnir na gréine ina héadan,
Is binneas na gcuach ina glór.

Bhí a súile comh glinn leis na réaltaibh, 
Ba dathúil a gné 'gus a gnúis,
Bhí a fiacla a' lonradh mar phéarlaí, 
Ina béilín ba mhilse ná'n t-úll.
Bhí a colann a' dealramh Ián-ghlégheal,
Mar aingeal as Flaithis na Naomh
'S nár mhéanar don té 'gheobhadh a' spéirbhean
Mar scéith in aghaidh bhuaireamh a' tsaoil.

Órú b'uaisle í ná Banríon na nAingeal, 
Ba luachmhaire a colann ná'n t-ór,
Ba chumhra í ná mil i Meán Samhraidh 
Ba bhinne í ná ceiliúr na smól.
Órú thug sise barr ar gach bantracht, 
'S í bláth bán i dtír í go deo,
Ba dual di bheith ' dTeamhair 'na banfhlaith 
Ach cailleadh Ceann tSáile 's a' Bhóinn.

Shuigh mé ar Iáimh leis a' spéirmhnaoi, 
Bhí loinnir sna gloiní ar bord,
Bhí comhrá 'gus caidreamh dá reir sin, 
Ó 's a Mhuire nár ródheas ár ndóigh.
Thug mé crios di de dhéanamh na Gaeltacht’,
Bhí breachtai' le dealramh mar ór
Agus blas Rinn na Feirste 'na dhiaidh sin, 
Ó 'Dhia Mhór ba mé ' bhí sa ghlóir.

Caitheadh an oíche fá phléisiúr, 
Le damhsa, le hamhráin 's le ceol, 
Bhí filíocht bheacht agus véarsaí, 
Le cluinstin sa tseanteangaí chóir.
Bhí subhachas breá agus aoibhneas, 
Ar gach duine 's a ghloine ina dhorn, 
Agus Flaithis ó sin go meánoíche,
Ní fhuígfidh sé m'aigneadh go deo.

Ach mo léan géar ní mhaireann glóir shaolta, 
Tig deireadh le caidreamh 's le ceol.
Tig duibheagán dúnta na hoíche,
'S théid gealach a' tsonais faoi cheo.
Ach ma mhaireann muid beo agus bríomhar, 
Beidh oícheannaí mór' ann go fóill.
Mur' dual dúinne suáilce ‘r a' tsaol seo, 
Beidh sí againn go síoraí sa ghlóir.

Ár mbeannacht go deo leis an oíche,
A chaith muid seal aoibhinn gan ghruaim, 
Nach trua nach mairfeadh sí choíche,
Ach tá 'n chinniúint seo cadránta cruaidh. 
Tá 'n tsíoraíocht fada 's níl críoch léi,
Ach cluinfear mé 'caint as an uaigh 
Beidh an ghlao sin dhá anam ródhileas, 
Faoi aon bhláth 'nach smolann le fuacht.

-Seán Bán Mac Grianna