Adeste Fideles / A Chairde Is Dílse
Unique Word Count: 23
A chairde is dílse, tagaigí le ríméad,
brostaígí, deifrígí go Bethlehem.
Féach ins an mainséar,
Rí na nAingeal Glórmhar.
Ó tagaigí agus adhraimis, ó tagaigí agus adhraimis,
ó tagaigí agus adhraimis, Críost an Rí.
Adeste Fideles / Ó Teanaig In Éineacht
Unique Word Count: 39
Ó Teanaig in éineacht,
Téanaimís go h-aerach.
Ó teanaig, ó teanaig go Beithlehéim.
Cífimid naíonán ann,
Rí na nAingeal, Íosa.
Ó tagaidh agus adhraimís
Ó tagaidh agus adhraimís
Ó tagaidh agus adhraimís
An Tiarna, an Rí
An Tiarna, an Ri
Fíor Dhia í fhíor Dhia,
Soilse ó shoilse
Ó bhroinn na Maighdine a tháinig Sé,
Nádúr Dé ann, gineadh, ‘s nár ndearnadh
Ó tagaidh agus adhraimís
Ó tagaidh agus adhraimís
Ó tagaidh agus adhraimís
An Tiarna, an Rí
Adeste Fideles / Taraigí A Phobail
Unique Word Count: 39
A chairde is dílse taraigí go haerach,
Ó taraigí, taraigí go Bethlehem.
Féach insan stábla
Rí na n-aingeal glórmhar.
Céad moladh ‘s glóir don Tiarna,
Céad moladh ‘s glóir don Tiarna,
Céad moladh ‘s glóir don Tiarna,
Críost Mac Dé.
Mac Dé go fíor é,
Solas mór an tsaoil é,
Rugadh i mbroinn ró-ghlan na Maighdine
Mac Dé go fíor é, gineadh is nach ndearnadh.
Céad moladh ‘s glóir don Tiarna,
Céad moladh ‘s glóir don Tiarna,
Céad moladh ‘s glóir don Tiarna,
Críost Mac Dé.
Source: https://tairseachcogg.ie/Container/Documents/Cnuasach_Car%C3%BAl_Nollag_20220113092007464.pdf
Adeste Fideles / Tagaigí A Phobail
Unique Word Count: 46
Tagaigí a phobail le háthas agus mórtas
Tagaigí, ó tagaigí go Bethlehem
Tagaigí 'gus amharcaigí rugadh Rí ar aingil
Tagaigí 'gus adhráimis é
Tagaigí 'gus adhráimis é
Tagaigí 'gus adhráimis é,
Críost an Rí.
Canaigí le lúcháir córacha na n-aingeal
Canaigí uile thuas ar Neamh
Glóir do Dhia ins na harda
Tagaigí 'gus adhráimis é
Tagaigí 'gus adhráimis é
Tagaigí 'gus adhráimis é,
Críost an Rí.
Fáilte a Thiarna ar an dea-mhaidin seo
A Íosa, a Íosa gach glóir duit
Briathar an Athar anois i gcolainn dhaonna
Tagaigí 'gus adhráimis é
Tagaigí 'gus adhráimis é
Tagaigí 'gus adhráimis é,
Críost an Rí.
Adeste Fideles / Tagaigí A Thuath Dhilís
Unique Word Count: 52
Translation: Bríd Eilís
Tagaigí a thuath dhilís bhuaitheach,
tagaigí, tagaigí go Beitheal.
saolaíodh mar Rí na nAingil é.
Taraigí agus tugaigí adhradh don Tiarna.
Dia na nDia, solas na solas,
colainn daonna maighdeana,
An fhíor-dhia, saolaíodh ní déanta,
Taraigí agus tugaigí adhradh don Tiarna.
Canaim anois i gcór na n-aingil
Canaigí anois ina bhFlaithis
Glór dhó ! Glór don t-aon Dia !
Taraigí agus tugaigí adhradh don Tiarna.
Dá bhrí sin, saolaíodh inniu é,
Íosa, go dtugtar glór dhuit,
Briathar shíoraí an tAthair déanta saolta.
Taraigí agus tugaigí adhradh don Tiarna.
Source: https://www.macsuibhne.com/carul/
Adeste Fideles / Ó Tagaidh A Fhíréana
Unique Word Count: 62
Ó tagaidh a fhíréana,
Tagaidh lán de ghairdeachas,
Tagaidh, deifrigi go Beithlihéim;
Féachaigí an Mac-sa
Rí na n-aingeal nglórmhar;
Ó tagaidh agus ádhraimis
Ó tagaidh agus ádhraimis
Ó tagaidh agus ádhraimis
An Tiarna, an Rí
Seinnidis “Buaidh”
Cór na n-aingeal naofa,
Seinneadh ‘nois Árus na bhFlaitheasa
Ard-gloir
Do Dhia ins na h-árdaibh;
Ó tagaidh agus ádhraimis
Ó tagaidh agus ádhraimis
Ó tagaidh agus ádhraimis
An Tiarna, an Rí
Dia ó Dhia
Solus ó sholus É
Ó bhroinn na hÓighe tháinig Sé.
Fíor-Dhia fíor É,
Rugadh É ’s ndearnadh,
Ó tagaidh agus ádhraimis
Ó tagaidh agus ádhraimis
Ó tagaidh agus ádhraimis
Ó tagaidh agus ádhraimis
An Tiarna, an Rí
Agus do’n Té sin
Rugadh an lá-sa
Duitse, a Íosa, glóir go deo;
Briathar an Athar
Siorraí, rinneadh feoil Dé;
Ó tagaidh agus ádhraimis
Ó tagaidh agus ádhraimis
Ó tagaidh agus ádhraimis
An Tiarna, an Rí
Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf This song is listed therein as from the book ‘Dánta Dé’, collected by Úna Ní Ógain
Adeste Fideles / A Chreidmhigh ‘Nois Thriallaigh
Unique Word Count: 82
A Chreidmhigh ‘nois thriallaigh
Le lúcháir ‘gus móráil
Go h-aoibhneach lonnmhar gluaisigh go Bethlehem
Go bhfeice-sibh an Ógh-Mhac
Rí na cruinne ‘s na glóire,
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
An Tiar-na ár Rí!
Dia ina Dhiadhacht,
Dealradh solais ghlóire,
A geineadh a’ mbroinn Mhaighdine glaine ‘s glé
Dia go cinnte
A geineadh ach nár cruthaíodh.
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
An Tiar-na ár Rí!
Tá guth binn na n-Aingil
Ag éirí anois go haerach
Tá ríochta na glóire le ceol binn fá gháir:
Glóir, glóir do Dhia
Os cionn gach ní ‘s gach duine.
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
An Tiar-na ár Rí!
Glóir, onóir ’s moladh
Don Té inniu a rugadh,
Ó Íosa beirimid glóir dhuit anois is go brách,
A tháinig le do mhór ghrá
A ‘ saorú an chine dhaonna.
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
Ó míle moladh ‘s glóir Dhó!
An Tiar-na ár Rí!
Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf This song is listed therein as from the Christmas leaflet from Dún Chaoin.