Unique Word Count: 102
Sneachta ag titim ar an talamh amuigh, Ach níl insint ar an aoibhneas atá ar m'intinn istigh. Ticéad a saothraíodh le hallas im lámh - Is beag, is beag a shíl mé go bhfeicfinn an lá. Curfá : Ag pilleadh abhaile I gcomhair na Nollag in Éirinn; Ag pilleadh abhaile I measc mo chairde gaoil. Cúig bliana anois ó leag mé súil Ar cheantar mo dhúchais is ar chairde mo dhúil’. Cúig bliana liom féin ag smaoineamh siar Is gan faoiseamh ó chumha ina luí ar mo chroí. Curfá Chím cheana an aoibh ’ bheas ar mham is ar dhaid, Boladh cumhra na Nollag ar fud an tí ar fad. Driopás na bpáistí gach aon lena scéal Faoi Dhaidi na Nollag, ó nach meanar a gciall. Curfá Scairt ag an doras: ‘Tá an tacsaí réidh'; An briongloid é seo roimh bhánú an lae? An doras a tharraingt amach i mo dhiaidh. Nár fheice mé arís é go dté mé i gcré. Curfá
-Malachy Duffin