Ag Taisteal Na Blárnan

Unique Word Count: 338

Ag taisteal na Blárnan lá 's mé ag machtnamh
Ar ár na bhfearachon fáilteach fairsing,
Don phór treoin ba chalma i ngleó,
Is mar neaduigh an t-ál so tháinig ó Shacsana
I stáit 's i bhfearanntar Failbhe is Aimheirgin,
Eoghain mhóir is Chairbre an tslóigh;
Na flatha ba ghnáthach tárthach, treasamhail,
Dá gcartadh 's dá gcrádh 's dá gcárnadh ag fanaticr
An tain noch d'abaidh fá ghráin na heascainne
Gráscar cealgach mhástain mhalluighthe,
An chrón-chóip thug marladh don Órd. 

Do chaitheas-sa spás go cásmhar cathach, 
Gan aird, gan aiteas, go gcráidhte cearnuightheach
Fá bhrón mhór ag fearadh mo dheor; 
Gur dhearcas-sa lámh liom bán-chneis bhanamhail
Mhanla mhaiseamhail ghrádhmhar gheanamhail
Ró-mhodhamhail ba thaithneamhach snódh; 
Ba chamarsach cáblach fáinneach fada tiugh,
Ag feacadh 's ag fás go sáil léi ar baille-crith
A bláth-fholt bachalach scáinneach crapanach
Táclach snaidhmighthe bárr-char daithte léi
I gclódh an óir gan scamall gan cheo. 

Do bhí deabhadh na mbláth le scáil ba dhearg
Gan tlár 'na leacain ba bhreághtha lasadh,
'S a rór-bheól gan mhagadh gan mhóid; 
A mala gan cháim ar a sámh-dhearc abaidh
D'fhúig támhach le deartaibh na táinte seabhac,
Go ró-mhór do ghreannuigh a clódh; 
Mar eala ar an dtráigh a brágha 'sa geala-chruth, 
'S a mama deas árd noch d'fhás ar seanga-chorp,
A bán-chróbh leabhar d'fhágadh tarraingthe
Báid is barcanna, cáig is ceathranna, 
Is gleo treon ar leathan-bhrat sróill. 

Ba ghárta, ba cháidh, ba shámh do chanadh
Gach prás i bpreatainn na ndámh gan earbaidh, 
'S ba shóghach shóghamhail a labhartha beoil; 
Ó bathar go sáil ní'l cáim ná ainimh,
Le faghbháil 'na pearsain chirt áluinn greannta,
Chuir ceo ar chlódh na mascalach óg; 
Do bheannuigh go tláth tais gáireach greannmhar
'S an teangain do b'fhearr i gClár Luire Banba; 
Le grádh don aitheasc sain láithreach preabaim-se, 
Fáth a haistir don bhán-chneis aithchim, 
Gan mhór-slógh ar eachaibh 'na comhair. 

Mar mheasaim, a bháb, 's a bhláith na mbarr-fhionn
Is áilne pearsa 's is breághtha seasamh chruith
Clódh 'gur snódh dár dhearcas-sa fós,
Is tú an mharcalach mhánla ghárdach gheala-chneis
Thug i mbarcaibh mhic Dáire spár ó Albain,
Cóir Leomhain is gaithle le gleo; 
Nó an ainnir thug ár na tainte an Eamhain,
Nó an bpuinneall 'na deághaidh tar sáil do tharraing
Gac ársa gairchidh gan tlás noch d'airigh
Priam 'sa chatha ba dhána i dtreasaibh, 
Nó an óigh seoidh bhí ag Aichil na slógh. 

Do fhreagair sí, ag rádh: Bí lán do mheanmain, 
Táim-se ag tabhairt mo lámh mar thaca dhuit, 
Fán bfóghmhas go n-amharcfais gleo; 
Is aithris d'fhaidhibh fáil an t-atharc reo
Gan práisc do chanaim le páirt is taitneamh
Don óg-leomhan do shealbhuigh m'oghacht; 
Ar thalamh 's ar sáil tá an báire carta aca,
Ní'l seasamh i gcás le fágbháil ag galla-phuic, 
Ní fhágfar ainm dá n-ál i mBreatain
Ar thrácht don bhaile don bhán-fhlaith, ag casadh
Le seol cóir go fearannaibh Eoghain. 

Dá chabhair atá na Spáinnigh chalma,
Ar mhagh 's ar mhachaire d'fhág fá tharcuisne
Ar feodh cóip na Sacran gan treoir; 
Is cath-mhíleadh an Chláir do rás na seana-stoc,
D'fhár i mBanba ársa treasamhail, 
An flór leomhain is taca le tóir; 
Ní léigfid ar lár go bráth a n-arma
Go nglanfaidh Whitehall ó ál na nDanara
Gan trácht ar charadh ná faghbháil ar aisiog
A stáit ná a mbeatha, is go gárdach canaidh
Le mór-scóip céad ámén le hEoghan. 

– Eoghan Rua Ó Súilleabháin

Ag Taisteal Na Blárnan – Leagan Seán Ó Sé

Unique Word Count: 111

Do chaitheas-sa spás go cásmhar cathach, 
Gan aird, gan aiteas, go gcráite trasnaitheach
Faoi bhrón mhór ag fearadh mo dheor; 
Gur dhearcas-sa lámh liom bán-chneis banamhail
Mhanla mhaisiúil ghrámhar gheanúil
Ró-mhodhúil ba thaithneamhach snódh; 
Ba chamarsach cáblach fáinneach fada tiubh,
Ag feacadh 's ag fás go sáil ar baille-chrith
A bláth-fholt bachallach scáinneach crapánach
Tácálach snaidhmithe barrachas daite léi
I gclódh an óir gan scamall gan cheo. 

Do bhí deabhadh na mbláth le scáil ba dhearg
Gan tlás 'na leacain ba bhreátha lasadh,
'S a rós-beól gan mhagadh gan mhóid; 
A mala gan cháim ar a sámh-dhearc aibí
D'fhúig támhach le deartaibh na táinte seabhac,
Go ró-mhór do ghreannuigh a clódh; 
Mar eala ar an dtráigh a brágha 'sa geala-chruth, 
'S a mama deas árd noch d'fhás ar seanga,
A bán-chróbh leabhar d'fhágadh tarraingthe
Báid is barcanna, cáig is ceathranna, 
Is gleo treon ar leathan-bhrat sróill. 

– Eoghan Rua Ó Súilleabháin