Unique Word Count: 105
Dá mbeinn féin in Airdí Cuain In aice an tsléibhe úd ’tá i bhfad uaim B’annamh liom gan dul ar cuairt Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh. Curfá: Agus och, och Éire ’lig is ó Éire londubh is ó Is é mo chroí ’tá trom is brónach. Curfá Is iomaí Nollaig a bhí mé féin I mBun Abhann Doinne is mé gan chéill Ag iomáin’ ar an trá bhán Is mo chamán bán ’mo dliomliom. Curfá Nach tuirseach mise anseo liom féin Nach n-airím guth coiligh, londubh ná traon Gealbhan, smólach, naoscach féin Is chan aithním féin an Domhnach. Curfá Mura mbeadh agam féin ach coite is rámh, Le go n-iomarainn ar an tsnámh A’ dúil as Dia go sroichfinn slán Is go bhfaighinnse bás in Éirinn. Curfá Is í seo an choraíocht atá buan Ar an tsaol go gcuirfeadh sí cluain; Mheallfadh sí an chaora ón uan Agus mheall sí uaimse an óige