Unique Word Count: 88
Bhí úcaire mór seang cois Bandan is long aige,
Amhráinín siodraimín siosúram só;
Gearrchaile 's caidhp uirthi 's greim aige 'r chúl uirthi,
Amhráinín siodraimín siosúram só.
Curfá:
Máirtín cé mór liom é tráilírim tráiléirim,
'Bhallaí dá bhfuadach ag neart gaoithe, neart gaoithe,
Port Láirge 's cuanta parúsam préidildí,
Amhráinín siodraimín siosúram só.
Bhí seanbhean sa tinteán is banlámh de phíp aici,
Amhráinín siodraimín siosúram só;
Tobac ar an urlár 'na shúgán mar shúiste 'ci,
Amhráinín siodraimín siosúram só.
Curfá
Go baile Chionn tSáile chuaigh Máirtín a' píobaireacht,
Amhráinín siodraimín siosúram só;
Bhailigh bean agus fiche ar mire 'na thimpeall ann,
Amhráinín siodraimín siosúram só.
Curfá
Lean Mallaí sa bhád é, 's a máthair á tionlacan,
Amhráinín siodraimín siosúram só;
Ba ghairid 'na dhiaidh sin go raibh Máirtín ar crúca 'cu,
Amhráinín siodraimín siosúram só.
Curfá
Tá úcaire mór seang cois Bandan is cúram air,
Amhráinín siodraimín siosúram só;
Beirt bhan sa tinteán is cliabhán sa chlúid aige,
Amhráinín siodraimín siosúram só.
Curfá
Source: John Spillane