Unique Word Count: 76
Do chuireas mo ghearrchaile go Barra na hAoine, Ag iarraidh steaimpí agus cácaí milse, Nuair a tháinig sí abhaile ní bhlaisfeadh fear an tí é, Is raithineach a bhean bheag, steaimpi agus im air. Curfá: Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag, steaimpí agus im air, Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag, Raithineach a bhean bheag, is déanfaimid an císte. Tá tigh mór fairsing i mBarra na hAoine, Bíonn bean acu a ghlanadh is bean eile a scríobadh, Bean eile acu a fáscadh os cionn corcáin ar a dícheall Is seanbhean ar a corraghiob a leathadh ar an ghríosaigh. Curfá Nuair a ghluaiseann Máire, Siobhán agus Síle, Nóra agus Cáit, is sásta a bhíonn siad, An jug ar an chlár is an cárt dá líonadh, Is mo cheol go brách sibh, a mhná cois Aoine. Curfá