Amhrán An Tae

Unique Word Count: 260

Tráthnóna Dé Sathairn a’ dul faoi don
 ghréin,
Sea ‘chonaic mé lánúin i ngarraí leo féin, 
Bhí an bhean ‘s í go caithiseach a’ caint ar a’ tae,
‘S níor mhaith leis an bhfear í ‘bheith ‘trácht air.

An Fear:
Maise bíonn tusa ‘gcónaí ‘cur síos ar a’ tae, 
‘S an lá ‘bhíonn sé agat ní fheictear a’t é, 
Imigh leat ‘s faigh tobac dom ar mhaithe leat féin,
Nó roinnfidh mé leat feac na láí.

An Bhean:
Cén tslí atá a’msa? Cá bhfaighinn duit é? 
Ach ag ceangal dhá chearc a raibh ubh acu ‘réir;
Rud a thóg tú faoi Nollaig níor íoc tú fós é,
‘S tá an méid seo sách gann ag na páistí!

An Fear:
Tá mise ag ceapadh gur suarach an tslí 
Bheith ag obair duitse is gan tada dá chionn;
Dá dtagainnisteach ag aon fhear ins an tír
Gheobhainn tobac uaidh ‘s roinnt páí.

An Bhean:
‘S é a n-iarrfá d’obair i gcaithe’ do shaoil 
Ag caithe’ tobac is á ligean le gaoth;
Taispeáin anois cá’il do mhaith is do
 mhaoin,
‘S nach siamsúil do lón do na páistí!

An Fear:
Dá dtéinn go Gaillimh nó soir go hÁth Cinn, 
Anonn go Cinn Mhara nó amach go B’l Áth ‘n Rí,
Chasfaí i dteach mé le seachtain nó mí 
Go saothraínn luach dráir agus báinín.

An Bhean:
Maise, d’imigh tú cheana is tháinig tú ‘rís, 
Ní fhacamar agat c’róin, scilling nó pin’n;
Luigh tú ar do leaba is do thaobhanna tinn,
‘S an slaghdán go domhain i do chnámha!

An Fear:
Stop do bhéal feasta, a amaid de shraoill, 
Nó buailfidh mé buille ort a bhrisfidh do dhroim;
Ag cogadh ‘s ag achrann a chaith tú do
 shaol,
‘S bhí ‘n faisean sin céann’ ag do mháthair!

An Bhean:
Má tá mise i m’amaid ‘s go bhfuilimse i m’
shraoill,
Léine ‘r mo chraiceann chomh dubh leis an
 daol;
Dhíol mé ‘raibh agam go n-íocfainn an cíos,
Agus sin é ‘d’fhág folamh mo chnámha.

An Fear:
Rud a dúirt mé leat cheana, a deirim leat é: 
Mura n-éiste tú feasta le glórtha mo bhéil; 
Mura stopa tú ‘nois agus ligean den tae,
Is gearr a bheas teach a’t ná áras!

An Bhean:
Tá mé le fada ag coinneáil an tí,
Is ní cóir go bhfeicfeá mo dheoch ná mo ghreim;
Mura n-ólfainn ar maidin lán scilléid dhá
 phin’n,
Ní bheadh braon insa gcíoch ag an bpáiste.

Chuaigh sé go Gailli’ go réadh le fear dlí, 
Ní bhfaigheadh sé bheith ‘caint leis gan leathghine buí;
Bhí chugam sa Spidéal ar maidin Déardaoin,
Táim cinnte go réiteoidh mé ‘n cás sin.

Bhí an lánúin sa Spidéal ar maidin an lae, 
Agus dheamhan blas a rinneadh ach a gcur ar an réidh;
Ní dhearnadh den bheirt sin ach magadh is bithéamh -
Ach ceapaim gur cailleadh na páistí!