Amhrán Chamuis

Unique Word Count: 139

A Chamuis na bhfoirnéis, mo chúig mhíle slán leat, 
Nach rí-dheas an áit thú, teacht oíche 'le Muire Mhór,
Ní chloisfeá scread mhaidne 'mbéal leanbh ná páiste ann, 
Níor thug ariamh masla d'aon duine beo,

Nuair a bhí mise i gCamus, ba rí-dheacair mé a shásamh, 
Nó gur shiúil me na Státaí thart síos 'gus suas,
Ach anois tá mé i mBoston is nach rí-dheas an áit é, 
Ach faraoir ghéar chráite gan mé i gCamus arís.

Tá chuile shaghas éan ann dhár fhás ariamh clúmhach air, 
An druideach, is an smóilín, is an londubh ar an gcraoibh, 
Air maidin tá an fhuiseog is í ag síorsheinm cheoil ann,
Is go dtógfadh sí an brón is an ceo de mo chroí.

Anois, a Tower Chamuis, mo chúig mhíle slán leat, 
Ó d'fheicfinn as Gaillimh thú is barr Uachtar Ard,
Ó Charna, Glinn Chatha, Gleann Trasna is an Maimín, ' 
Ó ghob na Trá Báine is Cnoc Leitir Móir.

Is nuair a bhí mise i gCamus ba rí-dheacair mé shásamh, 
Nó gur shiúil mé na Státaí thart síos agus suas,
Ach anois tá mé i mBoston is cé gur rí-dheas an áit é, 
B'fhearr liom go mór mór bheith i gCamus aríst.

Dhá dtiocfadh an bás do m'iarraidh-sa 'márach, 
Sé n-iarrfainn de spás air ach seachtain no dhó, 
Go dtéinnse go Camus ar cuairt ag mo chairde,
'S go sínfinn mo chnámha go domhain ann faoin bhfód.