Amhrán Leeds

Unique Word Count: 209

Céad slán ag Sasana nár dheas an áit é
Ará is ann a bhfearr liom riamh socrú síos
Bhíodh obair dheas ‘am ann is mé ag fáil mo phá
Bhí an saol tharr barr ‘am is mé mo chónaigh i Leeds

Ach bhí an mí-ádh ag strachailt liom gur rug mé aird air
Is gur thug mé an bád bán abhaile aríst
Bhí fáilte ag m’athair romham agus an n-áit le fáil ‘am
Is mo mháithrín sásta gur fhill mé aríst

Bhí rún ‘am casadh más luath nó mall é
Ar nós gach nadúr bhí sé istigh mó chroí
Cén n-áit is deise leat ná an n-áit a d’fhág tú
I measc do chairde is do dhaoine gaoil

Tá píosa talún ann agus teach ceann slátaigh
Tá beithe is bád ann is neart caoire ar shliabh
Níl tada ag taisteáil uaim ach bean breá láidir
Is tá Máirín fágtha fós sa teach seo thiar

Tá na blianta ag breith uirthi a bhíonns daoine ag rá liom
Is níor thug sí aird ar aon fhear fós
Sé dúirt mo mhuintir liom ó fán mar atá tú
Agus beidh seans ar ball ‘ad ar chailín óg

Ó ní caitheamh anuas é ar an n-áit a d’fhág mé
Ach i Leeds i North Street sé bhíodh an spraoi
Bhíodh piontaí Teatley ann agus Johnny Walker
Ní raibh piann i gceann ‘ad ná cloigeann tinn

Ó sé mo bharúil go mbeidh mé aríst ann
Mar ní shocraigh m’intinn leis an tír seo fós
Ní fheicim obair ar mhuir ná thír ann
Ach tá mair más miann leat má fhaghann tú dole

Ó tháinig an cigire amach ón rionn ‘am
Is ní ar cuairt a bhí sí ach mar ghealt ar an dole
Nár cheap mó mhaithrín gur bean as Leeds í
Is nár fhiaraigh sí faoin dion-sa sea chonaíonns Joe

Tá Joe sa mbaile anois ó thus an ghreimhridh
Os ní bhfuair sé pingin uaibh ná scilling fós
Ach is sé mo bharúil gur b’é Leeds aríst é
Maith luath de hAoine a bheas mé around Ty Road

Beidh obair sheasta ann gan mórán imní
Cead codladh suaimhneach agus cabhar phingin a ól
I bhfad ón spiodaire atá ag fáire sciob ort
Go mbeadh uan ag caoire leat nó laoi ag bó

Tom A’ tSeoighe