Unique Word Count: 85
Hé rock an’ roll, hé rock an’ roll, hé rock an’ roll,' D'éirigh mé ar maidin is chuaigh mé ag bleán no bó, D'éirigh mé ar maidin agus chuaigh mé ag bleán na bó, Ó yea, ó chuaigh mé ag bleán na bó. Amhrán ar an sean-nós a chasaim chuile mhaidin don bhó, Tálann sí an bainne is bíonn sí sásta go leor, Ó yea, bíonn sí sásta go leor. Ach ansin tháinig athrú, athrú an-aisteach ar an mbó, Thosaigh sí ag bleaisteáil, is ní thálfadh sí aon bhainne níos mó, Ó no, ní thálfadh sí aon bhainne níos mó. Hé rock an’ roll, hé rock an’ roll, hé rock an’ roll, Ó smaoinigh mé ar phlean, chasfainn di rock an’ roll, B'fhéidir nar thaithin an sean-nós léi nios mó, Ó nó, níor thaithin an sean-nós léi níos mó. Ó anois bíonn an chreaic a'm is mé ag bleán na bó, Ó tosaionn sí ag pramsáil is tálann sí an bainne gan stró, Ó yea, tálann sí an bainne gan stró. Huirde huirde a bho, huirde huirde a bhó, huirde huirde a bho. Ó nach iontach is nach aisteach an rud é an rock an’ roll, Murach go bhfuil sé aisteach ní bheadh sé á dhaimsiú ag bó Ó d'éirigh mé ar maidin is chuaigh mé ag bleán na bó, Ó d'éirigh mé ar maidin is chuaigh mé ag bleán na bó, Ó yea, chuaigh mé ag bleán na bó. Hé rock an’ roll, hé rock an’ roll, hé rock an’ roll, Suicín, suicín, céard atá deanta ar an mbó agaibh, Huirde huirde.
-Tomás Mac Eoin