Amhrán Na Bóirne

Unique Word Count: 88

Cill Mac Duach 'gus Cathair Mac Neachtain 
Sé do bheatha, a Bhoirinn ó;
Cill Fhionnúrach 'gus Baile Uí Bheacháin
Cora Finne 'gus Mullach Mór.

Fuar 'gus fíor seacht sruthán Taoscadh
Sé do bheatha, a Bhoirinn ó;
Nár lige Dia braon drochuisce
I gCarn na gCloch a shilt go deo.

Tuar na bhFiann an chromleac uaigneach
Sé do bheatha, a Bhoirinn ó;
Mar ar scriobh an saor a scéal le leachta
Faoí neart ollchumhachtach 'gus beart dá réir.

Iomaire gan rómhar 'gus cabhal tí tréigthe
Sé do bheatha, a Bhoirinn ó;
Nuair a scaip an dubh, do dhubh do bánaíodh 
Ach fós sliocht a sleachta i gCorca Mágh Rúadh. 

An áit inar fhás mé i mo bhláithín séimheach
Sé do bheatha, a Bhoirinn ó;
'Gus arís a d'fhág mé i mo phlanda caolach
Ach fanfaidh a háilleacht im chroí go deo.

Cill Mac Duach 'gus Cathair Mac Neachtain 
Sé do bheatha, a Bhoirinn ó;
Cill Fhionnúrach 'gus Baile Uí Bheacháin
Cora Finne 'gus Mullach Mór.

– Seán Ó Flannagáin