Amhrán Na Scadán

Unique Word Count: 146

Nuair a théimse a luí san oíche bím ag smaointiú ar an iasc, 
Nuair a éirím amach ar maidin, bheirim ruaig go dtí an bhinn. 
Bíonn na héanacha ‘ cur pléisiúir orm istigh i mbéal na bpoll 
Is an phéist ag an Tor Dhearg ‘ cur na scadán thar-na droim.

Bím ag smaointiú ar an eangaigh is ar a bhád a mbíonn sí ann, 
Bím ag smaointiú ar na rámhaí is ar a mbuillí insa toinn.
Bím ag smaointiú ar na ramhaí is ar a tréine a bios an ghaoth 
Is gach uair dár chroch mé an stiúir uirthi sa tailm ina ceann.

Nach deas an rud na slanntracha bheith ag soilsiú ar ár mbróg
Is go mb’fhusa dúinn a bplúchadh chomh minic le iad a dhíol.
Ach caithfidh muid a ghabháil an cainéal leo más maith nó olc an t-am
San áit a mbeidh lúcháir ar a cheannaí romhainn is buidéal dúinn den leann.

Nuair a shuímse cois na tineadh, bím ag smaointiú ar an am 
A raibh mé féin is mo churach beag amuigh ar bharr na dtonn 
Is gan idir mé is an tsíoraíocht ach an t-éadach tana tarr’
Ag cosnadh gaoithe is farraige i measc éanacha na mbeann.

Anois atá mé aosta is mé ag éirí lag breoite tinn
Níl mé ag dréim go brach le biseach a fháil go síntear mé sa chill. 
Ach bheirim altú do Dhia na glóire mar a chuir mé isteach m’am, 
Ar chreig i lár na farraige i measc éanacha na mbeann.