Amhrán Na Trá Báine – Leagan 1
Unique Word Count: 141
Mo mhíle slán le hÉirinn; nár dheas é an tEarrach fhéin, Ní raibh caint ar obair bossannaí ná rud ar bith mar é, Seal ag tarraingt fheamainne 'cur fhataí is ag baint fhéir, Is ní raibh fear ar bith dhá bhoichte ann nach raibh feilm aige dhó fhéin. Arno cuimhníonn sibh a chailíní an lá ar fhága mé an Trá Bháin, D'fhága mé go lag lúbach é is ní bhfuair mé an té a dúirt liom fanacht ann, Ach glóire do Dhia tá an tsláinte agam is dea-charaid Rí na nGrást. Is cérb í céard a rachaidh mé ní fhillfidh mé go brách. Tá caitheamh is cáineadh ar Éirinn is m'anam fhéin nár chóir, Tá an fear amuigh sa ngarraí ann is tá an bhean ag bleán na bó, Ní hé sin do South Boston, déan obair nó lig dhó, Is má shaothraíonn an fear leathdollar ann, tá an bhean amuigh dá ó1. An cuimhneach libhse a chailíní an t-am fadó a raibh mé tinn, Dúirt dochtúirí agus sagairt gur le haire a thiocfainn thríd, D'éirigh mé ina dhiaidh sin is chuaigh mé ag obair sa city, Fuair mé litir scríofa ó Sullivan mé bheith a' dul an staighre síos. D'éirigh Bab' Mc Donagh agus chuir sí uirthi a seál Chuaigh sí ag an office is as sin a fuair mé áit. Glóire do Dhia tá an tslainte agam is dea-charaid Rí na nGrást, Nach iomaí fear ag tóraíocht cailíní is ná raibh maith a'd, a Shúilleabháin.
-Bríd Ní Mháille
Amhrán Na Trá Báine – Leagan 2
Unique Word Count: 173
Mo mhíle slán leat, ‘Éirinn bhocht, is nach breá an rud é an tEarrach féin; Níl caint ar obair bhosannaí nó rud ar bith mar é; Seal ag tarraingt fheamainne, ag cur fhataí nó ag baint fhéir Is níl fear ar bith dá bhoichte nach bhfuil feilm aige féin. Mo mhallacht ar na curachaí is mo bheannacht ar na báid; Mo mhallacht ar na curachaí atá thiar insan Trá Bháin; Siad a bhain mo cheathrar driothár dhíom a raibh feilm acu ann Is nach cuma leis an gCeallach é mar ‘sé atá ina n-áit. Is báthadh Seán is Peadar orm is bhí caitheamh agam ina ndiaidh; Níor fhill mo dhriothár Máirtín a báthadh fadó riamh; Mo Mhicil Bán ba mheasa liom dhá dtáinig romham ariamh, Ach mo mhallacht don tonn bháite, ‘s í d’fhág mo cheann liath. Muise shoraidh dhíbhse a dhriotháireachaí nach dtagann isteach i dtír; Chaoinfeadh mná an bhaile sibh, bhur gcleamhnaí is bhur ngaoil; Chuirfí cónra gheal oraibh amach déanta ó láimh an tsaoir Is ní bheadh sibh dhá bpocáil idir fairrgí is dhá gcur ó thaobh go taobh. An gcuimhníonn sibhse, a chailíní, an lá ar fhága mé an Trá Bháin? Ní bhfuair mé an té a chuir comhairle orm ná dúirt liom fanacht ann Chun fhágfas Dia mo shláinte agam agus caraid Rí na nGrást Ó pé ar bith áit dá rachaidh mé ní fhillfidh mé go brách. Tá caitheamh is cáin ar Éirinn bhocht agus mh’anam féin nach cóir; Tá an fear ag baint na bhfataí ann is an bhean ag bleán na bó; ‘S é an rule atá in South Boston “déan obair nó lig dhó”, Is má shaothraíonn an bhean ach dollar ann tá an fear amuigh dhá ól.