An Baitsiléir

Unique Word Count: 171

Tá mé anois faraor ‘mo sheanduine, gus chaith mé saol gan dóigh, 
Ar shiúl i ndiaidh na mban san oích’, ‘s ‘mo chodladh arís sa lá.
Bhínn ag suirí leo ‘s a peataíocht, ag imirt is ag ól,
Ach ní bhfuair mé bean domh féin ariamh, mo chreach is mo mhíle brón.

Níl bean agam ‘s níl clann agam, sníl fáras agam dom féin
Níl leithphingin rua ar a’ tsaol agam ná greim le cur i mo bhéal.
Ó’ s a Mhuire nach mé a bhí amaideach nár phós nuair a bhí mé óg, 
Bheinn anois ‘mo shuí go sona ‘chois mo thineadh féin ‘ gabháil cheoil.

Bhí mé aigeantach a’ damhsa, ‘s bhí mé croíúil ag gabháil cheoil. 
Bhí mé ealaíonta a’ suirí, ‘s bhí mé súgach ‘ dtigh an óil.
Bhí mé suáilceach greannmhar tarraingteach, ‘s ní miste domh a ra,
Dheamhan cailín dá gcaithfinn oíche léithe, nach dtitfeadh liom i ngrá.

Nuair a thigeadh teas a’ tsamhraidh is na laethe fada breá’ 
Ó mhaidin go tráthnóna fá na cladaí bhínn a’ snamh.
Luínn siar go sómásach ar léana ‘chois na trá,
Bhínn ag éisteacht leis an huiseogaí, ‘s níorbh fhada liom an lá.

A bhuachaillí na gcarad, tá mé ‘tabhairt comhairle daoibh ó mo chroí,
Ná gabhaigí leis an drabhlás, mar a rinne mise i dtús mo shaoil.
Ach pósaigí na cailíní, ‘s déanaigí fáras beag daoibh féin,
‘S ná bígí fágtha fuar fann folamh arís mar mise i ndeireadh an lae.

Ach anois tá an aois ag taispeáint (a taisint) ar mo sheanchnámha monuar, 
Tá me cloíte, crupthaí, caite is mé ag tarraingt ar an uaigh.
Bím ag meabhrú ar mo pheacaí is a’ déánamh aithreachais go cruaidh 
Ó’s a Dhia na glóire gile, dearc le trócaire orm anuas.