Unique Word Count: 126
Is deas a' fear i mbaile mé níl dúil agam i míghreann, Is deas a' fear i mbaile mé níl dúil agam i síorchaint; Nuair a théas fir a' bhaile amach a dh' amharc fa na ndíobháil Pillimse ar an bhanaltra 'gus'bogaim dithe 'n cliabhán, Curfá: A mhile mh'anam ar maidin thú 's arís a' teacht na hoíche, Níl uair 'e Iá dá bhfeicim thú nach ort a bhím a' smaointiú, Míle uair go mb'fhearr liom agam thú ná ba na Mumhan is bainne acu 'S a Dhia nach trua mé ' scaradh leat 's gur ionat atá mo chroí 'stigh. Curfá Chua' me féin 's a' bhanaltra amach go bruach a' tsléibhe, Go héascaí, éadrom, aigeantach ag ionsaí malaidh shléibhe; Fágaim féin ar m'fhallaing é má ghním a'n fhocal b'réige Gur chaith mé 'n oích'go maidin léi go domhain i ngleanntán sléibhe. Curfá Ní dheachaigh síol i dtalamh ariamh chomh maith leis an ghrán eorna, Gníthear uisce beatha dó agus ceanglann sé 'n grá pósta; Tá cuid a théid 'un peacaí leis is cuid a théid 'un carthannais, Is bheir sé ar na cailleachaí bheith ‘ meadhar ins a' chlúdaigh. Curfá