An Bhean Sí

Unique Word Count: 103

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Go ndúirt bean eile gur inis bean di
Go bhaca sí bean ag bun na sceiche
Agus bean nár bhean ach sí-bhean í.

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Go raibh sean-eolas aici ar mhnaoi
Do chuala bean agus í ag insint
Gur seinneadh ‘na cluais na ceolta sí.

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Go raibh crann ann agus pálás fé (faoi).
Líonta suas de dhaoinibh uaisle
Agus gurbh í sin cúirt an rí.

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Go raibh bean bhán, bean dhearg, bean bhuí
Ag déanamh rince ar fud na gcoillte
Ins an oíche i measc na sí.

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Go bhfaca sí bean ag gol ‘s ag caoi,
Sean-bhean aosta nach den tsaol so (seo)
Agus a gruaig ag dul le gaoith.

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Gurbh í sin an tsean-bhean sí
Agus gur tuar mór-oilc do dhaoine
Í bheith ag caoineadh timpeall tí.

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi,
Oíche bhí sí ina suí,
Go bhaca sí féin na mílte solas
Ins an lios, agus scanraíodh í.

D’inis an bhean a scéal go snasta
Blasta briathrach binn le brí,
An scéal a fuair sí ón mhnaoi aduaidh
‘S a fuair an bhean aduaidh ó mhnaoi.

Scríofa ag: Dubhglas De hÍde (‘An Craoibhín Aoibhinn’)

An Bhean Sí – Leagan Zoë Conway

Unique Word Count: 63

Curfá:
Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Go ndúirt bean eile gur inis bean di
Go bhaca sí bean ag bun na sceiche
'S nár bhean nár bhean ach sí-bhean í.

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Go bhfaca sí bean ag gol ‘s ag caoi,
Sean-bhean aosta nár den saol seo í,
'S a chuid gruaige ag sileadh le gaoth.

Curfá

Dúirt bean liom go ndúirt bean léi
Gurbh í sin an tsean-bhean sí
'S gur tuar mór-oilc do dhaoine
Í bheith ag caoineadh timpeall an tí.

Curfá

D’inis mé an scéal go snasta blasta
Go ciúin briathrach binn le brí,
An scéal a fuair sí ón bhean aduaidh
‘S a fuair an bhean aduaidh ó mhnaoi.

Curfá

Leagan Zoë Conway & John Mc Intyre