An Bríste Úr

Unique Word Count: 123

Arsa Mamaí liomsa lá amháin ’s mé ’teacht isteach ón scoil;
“Tá an bríste sin smolchaite – é stróctha ’s lán de phoill.
Tá an ghaoth ag séideadh faoi do thóin, ’s is cinnte go bhfuil tú fuar 
Tar liom isteach sa chathair, go bhfaighe tú bríste úr.”

Isteach sa tsiopa éadaigh linn i lár an bhaile mhóir; 
Bhí cótaí agus brístí ar crochadh os mo chomhair. 
Arsa Mamaí leis an tsiopadóir – Sammy Dubh McLure:
Seo Liam Óg, mo mhaicín beag, is ba mhaith leis bríste úr.

Níorbh fhada go bhfuarthas bríste domh a chuaigh orm go deas. 
Ach go raibh sé rud beag scaoilte – go mórmhór thart fán chrios; 
“Ach, is cuma,” arsa ’n siopadóir, “fásfaidh sé go luath,
Is tchífidh tú nach fada go líona sé an bríste úr.”

An lá dar gcionn ’s mé ag gabháil ar scoil d’éirigh mo bholg tinn,
Is thug Mamaí cúpla piolla domh le haghaidh an tinnis cinn; 
Is mé ag siúl liom suas an tsráid bhris orm an t-allas fuar;
Níor bhain mé an leithreas amach in am is líon mé an bríste úr!