Unique Word Count: 182
Nach trua libh an buachaill deas óg ar imigh uaidh stór a chroi. Ag imeacht frid chnoic ina mbíonn ceo agus tuirse rómhór ar a chroí. Ach shuifeadh sé suas ar bord, in aice le stór a chroí, Go dtabharfadh sé leathdhuisín póg don ainnir a bheoigh a chroi. I mbaile beag a chuala mé 'n ceol ba bhinne ná ceolta sí, Go sílfeá gur duine 'fuair bás bhí nite faoi chlár acu ann. Ach rannaigí eadraibh an cás ós duine mé a tharlaidh ann. Bíodh beann agaibh araon 's rannaigí fhéin a chlann. Nach mór an cruinniú 'rinne Eoghan ó phós sé 's chuaigh sé i dteach, Cúig ghiní fichead fá dhó gur chuir se 'na phóca seal, Níl beann ag Eoghan ar ór a' oiread le heorna ghlas, Ach i dtaca le Iseabal dó, s' aici bhi an t-ór le rann, Ta beannacht na mbochta go deo léithe ina cóta cruinne. Dúshlán gach duine bhfuil beo 's a thainig ón phor a bhí ceart. Nach mór ar an phobal a d'fhág gach uile bhean bhreá 'do dhiaidh, Le gile, le deise, le breáthacht níos deise ná bláth na gcraobh. Ba ródheas a muinéal 's a bráid, ba ródheas a scarftha buí, Chan sin mar a bíos na cailíní óga bíos á dtarraingt frid lár a' tí. Dá mbeadh a fhios ag d’athair, a Sheáin go raibh tú ar an tsnámh aréir, Fá do choinne go gcuirfeadh sé bád 's foireann mhaith shásta léi. Ach pill ar a' bhaile más áil, is gheobhaidh tú na dánta cruinn, Cúig phunta den airgead bhán 's cead codladh le grá do chroí.