Unique Word Count: 77
Tá cailín álainn a dtug mé grá di 's í is deise, 's áille, ná bláth ná rós Gan í ar lámh liom is cloíte atá mé A chailín álainn, is tú fáth mo bhrón. Curfá: A chailín álainn, a dtug mé grá duit Bí ar lámh liom, a mhíle stór Is abair liomsa gur tú mo ghrá geal Beidh orm áthas in áit an bhróin Nuair a éirím, amach go huaigneach Siúd an uair is mó mo bhrón Bím ag smaoine' ar an gcailín uasal 'tá i bhfad uaimse, mo chreach is mo bhrón Curfá Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn, Arís go brách, ní bheadh ort brón Sheinnfinn ceol duit mar cheol na cláirsí Nó ceol binn smólach san drúcht geal ceo Curfá
-Tomás Mac Eoin