An Cailín Gaelach

Unique Word Count: 98

B’áite liom féin bheith ar thaobh mala shleibhe 
Is cailín gaelach bheith i mo chóir.
Bheinn dá bréagadh is ag teannadh léithe
‘gus dar liom féin ‘riú, gur deas ár ndóigh.

Ag éirí dom féin ar maidin an lae ghil
Is mé ag gabháil fán choill chraobhaigh is mé ag seoladh bó, 
Tharla dom an spéirbhean ina suí ar an léana
Is a fallaing léithe is í lán de chnónn’.

D’fhiafair mé díthe go ciúin is go céillí
“ An nglacfadh tú póg uaim, a stór mo chroí?” 
D’oscail sí a béilín is labhair sí Béarla
Is é dúirt sí “Pray sir and let me be.”

Is maith an airí ar na buaibh bheith á santú 
Agus bheinn dá seoladh amuigh sa lá;
Im agus bainne iad, ‘ theacht an tsamhraidh,
Is mar gheall ar bhólacht a phóstar mná.