Unique Word Count: 183
An chéad Mháirt 'e Fhómhar ba bhrónach tuirseach mo scéal, Lámh thapaidh bhí cróga 'gabháil romham ar leaba na n-éag, Ar Charraig na nDeor is dóigh gur chaill mé mo radharc 's go dtéidh me faoi fhód a's ní thógfad m'aigne 'do dhiaidh. Tá do mháthair is Niall faoi chian 's is fada leo an lá, D'fhág tu osna in a gcliabh nach leigheasann dochtúir no lia, Ar sholáthar mé 'riamh is bíodh sé uilig cruinn in mo láimh Go dtabharfainn é uaim ach fuascladh— Pádaí bheith slán. Tá do dheirfiúracha cráite de ghnáth 's iad a' sileadh na súl Is gan fhios cén lá go brathach a n-imeoidh a gcumha; D'fhág tu d'aicme faoi smál 's nach náir liom mar rinn tú a' siúl Nuair nár agair tú Parrthas le spás beag eile 'thabhairt dúinn. Ba charthanach fial thú ariamh is ba sona do lámh Agus bheithfeá faoi chian mur' riarthá dá dtiocfadh 'n do dháil, Ba deismir do chiall le 'ach aon de d'aicme ar a" tsráid 's ní mhairfead beo bliain i mbuaidhreadh in d'fheasbuidh mar 'tá. Mo mhallacht go buan fá bhruach a' chladaigh seo thíos Is é d'fhág d'aicme faoi ghruaim 's a rinn gual domh in aice mo chroí, Is é do chur ins an uaigh, monuar, a d'fhág mise gan bhrí, Gan mhisneach, gan stuaim, ach mo thruaill bhocht ag imeacht le gaoith. Míle is ocht gcéad a léitear deimhin gan chlaon A cúig is a sé leis an scéal sin a aithris go fíor, Ó tháinig Mac Dé chun an tsaoil lenár gceannach go daor ‘s chuaigh Pádaí i gcré, mo léan, is ní phillfidh sé choích.