Unique Word Count: 146
An bhfaca tú an chúileann ‘s í ag siúl ar na bóithre? Maidin gheal drúchta gan smúit ar a brogan? Is iomaí ógánach súilghlas ag tnúth lena pósadh, Ach ní bhfaighidh siad mo rúnsa ar an gcuntas is dóigh leo. Bhí mé lá geimhridh ar bhinse cois Bóinne Agus tharla dhamh an mhaighdean le soillse an tráthnóna, Fá na heachraí a bhí riabhach agus diallaite órbhuí, Is bhí ceolta go meidhreach le maighre an chúil ómra. Dá bhfeicfeá an spéirbhean is í taobh leis an toinn, Fáinne óir ar gach méar léi is í ag réiteach a cinn; 'S é dúirt caiptín Rí Séamas leis an mate ar an loing Go mb'fhearr leis aige féin í ná Éire gan roinn. An bhfac tú mo bhábán lá breá ‘s í ina haonar, A cúl dualach drisleánach go slinneán síos léithe, Mil ar an ógbhean, ‘s rós brea ‘na héadan, ‘S is dóigh le gach spreasán gur leannán leis féin í. 'S í mo shiúr í, 's í mo rún í, 's í mo ghrá is mo dhalta, 'S í grianán na bhfear óg i gach aon lá den tseachtain; Tá grua mar an rósa is a píob mar an eala, Is mo chumha gan mé im chónaí mar a gcóiríonn sí a leaba. Do b'fhéidir go mbeinnse agus maighre an chúil ómra Ag súgradh is ag éisteacht le haifreann ar bpósta, Ach más ní nach rachaidh ar aghaidh é is deimhin go mbead brónach, Im gheilt ar fud coillte le soillse an tráthnóna.