An Ciarraíoch Mallaithe

Unique Word Count: 388

Is fada le fán mé i gclár geal Banban
Gur rainíos don bhaile a rann siad Callainn Leis, 
Óró, is go Caiseal na sló;
Ar ráig gur casadh mé tráth sa mbaile sin
Gurb é b'fhearr mar mheasaim in arán 's in airgead, 
Óró, is dá gcanainn níos mó!
Margadh tá dhá lá sa tseachtain ann, 
Aifreann gnáth le fáil ón eaglais,
An cárt's an cnagaire Ián gan dearmad, 
Staidbhean chailce le fáil chun taistil liom, 
Óró, is nárbh aitis mo sceol!

'Ba dhoilbh an scéal dá n-éalaínn leatsa,
Le réice ded shamhailse d'éalaigh ón Mainistir 
'S a mheallfadh mé le héitheach go leor, 
Chuirfinn an saol go léir in earráid liom
Siar dá rachainn chun dúthaigh t'athar leat, 
Óró, is níor mhaith é mo sceol.' 
'Bhéarfainnse liom thú anonn go hAlbain 
Nó go Hanover más é dob fhearra leat,
Éirigh id’ sheasamh dhom, ná bíodh eagal' ort,
Déan suas t'aigne is téanam abhaile liom, 
Óró, is nach tusa mo stór?'

'Do shiúloinn an saol go léir 's an Bhreathnaisc leat 
'S níorbh fhearra liom bheith in Éirinn ag éisteacht 
Aifrinn, óró, na i Sasana Nodh;
Ach ní chreidim ód bhéal dhá dtrian dá n-abrann, 
Mar is fear magaidh thú bhíonn ag mealladh ban, 
Óró led’ reacaireacht sceol.'
'A chumainn mo chléibh 's a réilteann mhascalach, 
Ní neosainn bréag óm bhéal ar chapall duit,
Ar eagla an pheacaidh 's go mbeimis damánta; 
Grá tá ceangailte im lár ná scarfaidh leat,
Óró, go dtéad síos fén bhfód.'

'Ní ligfead fén bhfód go deo mo scafaire,
Ó fuaireas fios a aigne ós é dob fhearra liom, 
Óró, líon cupa den bheoir,
Glaoidh ar mo chairde go dtrám an bairille
Is déanfam rí-rá go mbeidh trácht sa Charraig air, 
Óró, fad a mhairfidh a bhfuil beo;
Seo mo dhá láimh dhuit's ní i bpáirt a bheith scartha leat,
Ach ceangailte go brách gan spás fad a mhairfimid, 
Sin suite ár margadh 's ní dhéanfad do mhalairtse 
Páirt dem anam go brách ní scarfaidh leat,
Óró, fad a mhairfead féin beo.

Má leanaim go dian tú siar chun Cairbreach 
Caillfead mo chiall mura dtriallair abhaile liom, 
Óró, beadsa ag sileadh na ndeor.'
'Ná tar im dheoidh gan morchuid airgid
Go mbeidh coróin Rí Sacsan air 's ór buí id spaga agat,
Óró, i gcóir chostais an róid;
Ní bheidh cloig ar ár ndoirnibh ó rómhar na ngarraithe
Ná ó chruachadh na móna, ná an fómhar á leathadh orainn,
Beidh rince fada againn más é is fearra leat, 
Ór is airgead, beoir is beath-uisce,
Óró, is ní bheidh tuirse 'nar gcomhair.

Coinníoll ár bpósta, stór a bheith eadrainn, 
'S an fhaid mhairfimid beo gan gleo bheith eadrainn,
Óró, creid feasta mo ghlór!'
'Má thugair do ráiteas go brách ná scarfair liom, 
Beidh tuilleadh biotáille le fáil in aisce agat,
Óró, is a bhfuil agam do gheobhair.
B'fhearr liom do mhéin ná céad bó bhainne agat, 
Muileann ag meilt plúir 'gus brúraí ag tabhairt leanna dhuit,
Siúd é m'aigne, cén chabhair é a chasadh liom
Go dtabharfainn an saol duit féin ach ceangal liom, 
Óró, mar is tusa mo stór!'

Do shiúlaíos-sa léi thrí shléibhtibh Callainne,
Ag déanamh ranna dhi 's bréaga á gceapadh dhi, 
Óró, sar a dtitfeadh sí i mbrón;
Chun gur bhailíos go gear gach réal a bhí i dtaisce aici,
Gan phlé gan achrann síos im phaba chúm, 
Óró, is do bhogas chun róid;
Shocraíos-sa féin mo bhéabhar-hata orm,
Mo mhaide draighin éille agus faobhar 'na bharra amuigh,
'S is tréan is is calma do léiminn clathacha
Siar chun Ceanna Toirc d'fhonn bheith scartha léi, 
Óró, is í ag sodar im dheoidh.

Nuair bhraith an fhaoileann an oíche tagaithe 
'S ná fuair sí sa tigh ná amuigh sa ngarrdha mé, 
Óró, do chas olagón;
Do ghlaoigh sí ar a máthair 's ar a Ián do leanfadh í,
Á ra gur mheallas a croí lem chleasannaibh 
Óró, 's gur shlad a cuid óir;
‘Éirigi, a chairde, ní foláir ná go leanfam é, 
Cuardóm na bánta agus aird na ngarraithe
Don Chiarraíoch mhallaithe do mheall mo chuid airgid
Lena bhréithre bladair uaim cois taobh an bhairille,	
Óró, n'fheadar cá ngeobhad'.