An Cladach Dubh

'S ar chuala sibhse trácht, a dhaoine,
Ar a' stoirm iontach 'bhí ar mhuir 's ar thalamh
A d'fhág údar éagmais, gleo 'gus caoineadh
Gach aon lá choíche, i gConamara

I ndeireadh an fhomhair san oíche Aoine,
'Sea rinneadh an mísg úd ar shean 's ar óg
Is go bhfuil sé ráite ó bhéal na ndaoine,
Gur thriall sé an oíche siúd as Meicsiceó.

A Dhia 's a Chríosta, nár bhocht an ní é
An méid siúd daoine a chur ar fán
Ó mná 'gus páistí ar feadh na hoíche
Mó léan dhá gcaoineadh is gan iad le fáil!

'Muise garla dubhach ortsa a mhór-mhuir
Nach iomaí deoir ghlas a bhain tú astu!
A gcáirde ag iomradh ar na tonntaí móra,
'S a Rí na Glóire, ar bheagán foscadh!

Bhí buachaillí ann go croíúil siamsúil
A dhéanfadh gníomhartha le léim 's rith
Is bhí fir dhá réir ann ba dheise béasa
'Gus naonúr ógfhear as an gCladach Dubh.

An fear siúil nó an deoraí a théanns thár sáile
Is a fháganns cuanta geal' Inis Fáil
Má's i Meiriceá a leagtar a chnámha
Sa nGearmáin nó san Aifric Mhóir -

Nach bhfágfaidh seanchas 'na ndiaidh go brách ann
Té 'thógfadh é le hinntinn ghéar
An méid a bádh oíche an ghála
'S a gcnámha bána ag tabhairt an fhéir.

'S nach mhór a hinntleacht 's a' tuiscint c(íth)inn -
'S nach fad-bhreathnaíoch a bhí an seanfhear úd
A dúirt "Na crochaig' na seólta láithreach
'S ná scaoilígí cábla, téad ná drú

'S ná fágaí a n-aithreacha 'na ndiaidh ná a máithrín
"Ná fágaí a gcairde, ná ' muintir fhéin
"Ach glacaigí cairdeas go dtí amárach
"Mar tá mé cinnte go bhfuil gála i gcéin"

'S d'éalaigh an ghrian thart ins na spéartha
'Gus chruinnigh na réalta i dtús na hoíche
'Gus chuaigh na héin chun suain le chéile
Faoi bhun na ngéag is ar bharr na gcraobh

Tháinig an dorchadas ar fud na hÉirean
n
'S ní fheicfeá léargas ar bith do shlí
Nó gur bhuail an stoirm úd cnocáin aerach'
Ó ghleanntáin uaigneach' 's gleannta fraoigh.

'S ag fagáil an baile dóibh lá gearr fómhair
Ó d'fhágadar cumha mór 'na ndiaidh 'gus brón
Thugadar a gcúl do thaltaí móinfhéir
'S go shléibhte drúchtmhar' do na mBeanna Beol',

'S do'n áit a ghrá-adar le linn a n-óige
'S a thógfadh an brón díobh gach maidin bhreá
Ach faraor thiteadar i gcomhar na hóige 
'S chuaigh scaipeadh géar orthu(b) ar fud gach trá.

'S tá deireadh mo sheanchas ' mo chomhrá déanta
Ach glóire is aoibhneas go bhfaigh' gach Gael
A mhair in Éirinn ó am ár sinsir
Is 'tá go suanmhar 'na luí faoin aer. 

Ach ó thárla anois is go bhfuil siad imi'
Is nach bhfuil aon léargas acu(b) ar an saol
Ó guidhe leó-san go Ríocht na Glóire
Agus Dia dhá treorú go Flaithis na Naomh