Unique Word Count: 95
Do phósfainn thú gan bó gan punt gan áireamh spré A chuid den tsaol, le toil do mhuintire dá mb’áil leat é; Is é mo ghalar dúch gan mé is tú, a ghrá mo chléibh, I gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn ach an clár bog déil. Siúil, a chogar, is tar i m’fhochair go dtéam ón ghleann Is gheobhaidh tú foscadh ar leaba fhlocais agus aer cois abhann, Beidh na srutha ag déanamh torainn faoi ghéaga crann, Beidh an lon dubh inár bhfochair is an chéirseach dhonn. Searc mo chléibh do thugas féin duit agus grá trí rún Dá dtagadh sé de chor an tsaoil go mbeinn féin is tú Ceangal cléire bheith eadrainn araon leis an bhfáinne dlúth; Is dá bhfeicfinn féin mo ghrá ag aon fhear gheobhainn bás de chumha.