Unique Word Count: 106
Do ghluais an bathlach beag tóstalach ‘Gus poitín á fhreastal ar chord aige Ag iarraidh leanna chun cóisire Chun iad a chur ar na stárthaibh. Ar theacht abhaile trí Bhóthar Tuir Is poitín á fhreastal ar chord aige Do thit an cann’ ar a thóin ar an lic Is siúd a chuid leanna chun fána. Curfá: San di-dee did-dle-dee di-dee dom (san) di-dee did-dle-dee di-dee dom (san) di-dee did-dle-dee di-dee dom (san) di-dee did-dle-dee di-dee. Do bhuail a bhosa go deorach dubh Is dúirt: “Táim creachta go deo leis sin” Nuair a bhí a channa gan tóin aige Is gan braon sa bhaile ach bláthach. Do bhuail a bhosa go cráite ansin Is dúirt: “Táim creachta go deo leis sin Ar cuairt in aisce atáim anois Gan chlú, gan ainm, gan árthach.” Curfá Bhí fuaim an asail mar cheol acu Is dríodar práisce á ól mar phuins Rírá ag bacaigh le mórtas ann Is nach orthu ‘bhí an éirí in airde? Bhí Síle shalach mar chócaire Is feoil ghabhair ghleabaigh á róst’ ar bior Go bhfaighe sí bolaithe dreoite uirthi Ó bheith ina croiceann le ráithe. Curfá