An Draighneán Donn

An Draighneán Donn – Leagan 1

Unique Word Count: 151

Sílidh céad acu gur leo féin mé nuair a ólaim leann
Théid dhá dtrian síos domh nuair a smaointím ar a gcomhrá liom.
Sneachta séidte ‘gus é ‘á shíorchur ar Shliabh Uí Fhloinn,
Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní ar a’ Draighneán Donn.

Fear gan chéill a bheadh a’ dréim leis a’ chraoibh atá ard,
A’s a’ crann beag íseal lena thaoibh sin ar a leagfadh sé a lamh.
Cé gur ard é an crann caorthainn, bídh sé searbh as a bharr,
Is fásfaidh sméara ‘gus bláth sú craobh ar a’ chrann is ísle bláth.

Dá mbínn ‘mo bhádóir ba deas a shnámhfainn an fharraige seo anonn,
Dá mbíodh léann agam scríobhfainn líne le barr mo phinn.
‘S é mo léan géar gan mé agus tú ‘ ghrá mo chroí,
I ngleanntáin sléibhe le héirí gréine agus a’ drúcht ‘na luí.

Ní bean búclaí ná bean ribín a d’fhóirfeadh domh, 
Ach a’ gearrchaile gruama ‘bhí dána dubh.
Maighre na gcuirnín ‘s í ‘ phógfadh mo bhéal,
Tá mé buartha fá mo mhuirnín agus ní náir’ liom é.

Má thig tú choíche, tar ‘san oíche, go cúl a’ toighe,
Tráthnóna, nó go moch ar maidin, nuair a bíos a’ drúcht ‘na luí. 
Cé nach labhraimse bím a’ meabhrú go domhain fá mo chroí,
Is tú mo chéadsearc agus ní féidir mo chumhaidh a chloí.

An Draighneán Donn – Leagan 2

Unique Word Count: 184

Shílfeadh aonfhear gur dil dó féin mé nuair a luíonn dom mionn,
Is go dtéann dhá dtrian síos díom nuair a smaoiním ar do chomhrá liom; 
Sneachta síobtha is é á shíorchur faoi Shliabh Uí Fhloinn
Is go bhfuil mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní atá ar an droighneán donn.

Shíl mé féin nach ag ceasacht spré orm a rachadh grá mo chroí 
Is nach bhfuigfeadh sé ina dhiaidh mé mar gheall ar mhaoin; 
Faraor géar nach bhfuilim féin is an fear a chráigh mo chroí
I ngleanntán sléibhe i bhfad ó éinneach 's an drúcht 'na luí.

Tá féirín le mo chéadsearc i mo phóca thíos
Is fearaibh Éireann ní leigheasfaidís mo bhrón faraor; 
Nuair a smaoinímse ar a chúrsaí is ar a chúl breá donn 
Bím ag géarghol os íseal is ag osnaíl go trom.

Go bhfaighe mé féirín lá an aonaigh ó mo bhuachaill deas, 
Is comhrá séimh ina dhéidh sin ó phlur na bhfear;
Faraor géar nach bhfuileam féin is an sagart 'mar gcionn 
Go ndúblaimis ar gcúrsai sul fa dtéid sé anonn.

Pe 'nárbh olc leis é, molfaidh mise grá mo chroi, 
Is pé 'nárbh olc leis é, suífidh mé lena thaoibh,
Is pé 'nárbh olc leis é, míle arraing trí lár a chroí;
Is a réalta an tsolais i mbéal an phobail, is tú a bhreoidh mo chroí.

Is a Dhia dhilis, céard a dhíonas mé má imíonn tú uaim?— 
Níl eolas chun do thí agam, chun do thine ná do chlúid.
Tá mo mháithrín faoi leatrom is m'athair san uaigh,
Tá mo mhuintir go mór i bhfeirg liom is mo ghrá i bhfad uaim.

Tá smúid ar mo shúile is níor chadail mé néal
Ach ag smaoineamh ortsa, a chéadghrá, ma b'fhada an oíche aréir. 
Faoi do chúrsaí do dhiultaigh mé an domhan go léir,
Is a chraobh chumhra cad as a dtabharfá do leabhar i mbréig?