Curfá: Ó, mo dhreoilín, ó, mo dhreoilín, Ite ag an gcat, fuil ar a smut, 'S gan fágtha a'm ach cnáimhín. Ite ag an gcat, fuil ar a smut, 'S gan fágtha a'm ach cnáimhín. Curfá Dúidín dáidín, An ruidín deas a chaill mé, Go lige Dia na nGrásta, Go bhfaighidh mé arís é. (x4) Curfá Scéilín faoi mo dhreoilín, Is di do shil mé deoirín, Nuair a bhuail an cat í, Is thit sí síos ón ard. Cibé cén mí-ádh aisteach A tháinig uirthi a' taisteal, Cé ’ chreidfeadh go bhféadfadh sí bás ’ fháil, Is mé ’ m’ sheasamh lena taobh. Mar ’ bheadh cineál magnet ann, Is ábhar iontais aigne dhom, An chaoi ar fhág sí an rafta, Is léim sí i mo threo. An rud is annamh is iontach, Mar a léim sé ina thintreach, Thug sé sceilp dá chrúb di, 'S ní raibh fhios aici níos mó. Ciúnas binn ón éinín, 'S gan inti ach méid mo mhéirín, Mar ’ bheadh éinín Dé ann, Is í imithe suas ar Neamh. Sin é críoch mo scéilín, Scéilín faoi mo dhreoilín, An chaoi ar ith an cat í 'S nár fhág sé a'm ach cnámh. Curfá Ó, mo dhreoilín, ó, mo dhreoilín, Dúidín dáidín, An ruidín deas a chaill mé, Go lige Dia na nGrásta, Go bhfaighidh mé arís é. Ó, mo dhreoilín, ó, mo dhreoilín, Dúidín dáidín, An ruidín deas a chaill mé, Go lige Dia na nGrásta, Go bhfaighidh mé arís é.
-Seán Monaghan