An Droimeann Dubh Ó

Unique Word Count: 79

'A dhroimeann dubh dilis, a scoith shíoda na mbó,
Cá bhfuil do mhuintir nó an maireann siad beo?' 
'Tá siad sna díogaibh sínte faoin bhfód,
Ag súil le Rí Séamus a theacht insa gcoróin.'

Dá bhfaighinnse cead aoibhnis nó radharc ar an gcoróin, 
Thriallfainn go Sacsain d'oíche is de ló,
Ag siúl bogaigh is curraigh is sléibhte dubha ceo,
Nó go seinnfear ar dhromaibh 'An Droimeann Dubh Ó'!

'Dia do bheatha don mbaile, a dhroimeann dubh ó! 
Ba mhaith do chuid bainne is ba mhilis le hól,
Do chaoinfinn do leaca is do chom cailce mar rós, 
'S do mhalairt ni dhéanfad, a dhroimeann dubh ó!'