Unique Word Count: 122
A ghaoth aneas na mbraon mbog glas A ní gach faiche féarmhar Bheir iasc ar eas is grian i dteas Is líon is meas ar ghéagaibh Más síos ar fad mar mbínn féin seal Is mianach leat-sa séide Cuirim Rí na bhFeart dhod chaomhaint ar neart ‘S túir don tír sin blas mo bhéil-se! Sínim aneas ag díonamh cleas Nach ndíonann neach san saol so Mar íslím gaimh is scaoilim leac Is díbrim sneachta as sléibhte Ó taoi tú ar lear go bhfuí tú mo neart ‘S gur mian liom do leas a dhéanamh Go bhfúigfe mé mo bheannacht ins gach aon tslí ar mhaith leat Is choíche i gCathair Éamoinn! A Chonnachta an tseoid, an tsuilt ‘s an spóirt I n-imirt ‘s i n-ól an fhíona Sin chugaibh mo phóg ar rith ins an ród Leigim le seol gaoithe í Tá mise beo i mboige na seod Mar a mbrúitear gach sórt bídh dhom Ach is mian liom fós tarraing d’bhur gcomhair Muna gcluine mé ach ceól píopa!
Ní fios cé a chum an fonn seo. Tá a fhios againn gur chum Dónall Meirgeach Mac Conmara, file ó Maigh Eo a mhair san 18ú haois, na focail. Deirtear go raibh cumha i ndiaidh an bhaile air nuair a bhí sé ag obair I gcontae an Chláir. Scríobh sé na focail seo ag moladh Connachta, agus ag iarradh ar an ngaoth aneas beannachtaí a sheoladh abhaile dó. Bíonn comhrá idir an ngaoth agus é féin.