Unique Word Count: 97
Shiúil mé le mo ghrá bán síos le cois na trá, Tráthnóinín aoibhinn aerach i ndeireadh an Aibreáin, Bhí na huain go deas ag méileach is bhí ceol ag Ladhrán Trá, Ach ba ghearr ina dhiaidh sin go mbeinnse i ndeoraíocht le fáil. Ní maith liom bheith ag scarúint leat, a stór is a chuid den tsaol, Tá m’intinn dhá réabadh le brón is le briseadh croí, Níl fáil agam go bhfillfidh mé nó go dtaga an lá bán, Ach cuimhneoidh mé ar mo stóirín is mé i ndeoraíocht le fáil. Ansin sea tháinig impí sna súile ina ceann; "Ná himigh uaimse a stóirín, ó fan liom cúpla lá, Ansin gabhfaidh muid le chéile ar thóir an Ladhrán Trá, Is beidh an bheirt a'ainn lena chéile i ndeoraíocht le fáil." Ó d'fhág muid an baile ar maidin leis an lá, Síos go barr na céibhe no gur thóg muid an bád bán, D'fhág muid uain ag méileach is ceol ag Ladhrán Trá, Le go mbeadh muid lena chéile i ndeoraíocht le fáil.
-Máirtín Mac Donnchadha