Unique Word Count: 125
Ag g’bháil ó thuaidh dom thar Shliabh Luachra, ‘Gus mise ‘cur tuairisc’ mo ghéanna, Ar mo chasadh aduaidh sea ‘fuair mé a dtuairisc, Go raibh maidrín rua á n-aoireacht! Curfá: An maidrín rua, rua, rua, rua, rua, An maidrín rua ‘tá gránna; An maidrín rua ‘na luí sa luachair, ‘Gus barr a dhá chluas in airde. “Good morrow, fox!” “Good morrow, sir!” “Pray what is that you’re ateing?” “A fine fat goose I stole from you, And will you come and taste it?” Curfá “Oh! no indeed, ní áil liom í, Ní bhlaisfead pioc di ar aon chor, But I vow and swear you’ll dearly pay For my fine fat goose you’re ateing!” Curfá “Ní bhlaisfead pioc is ní íosfad giob, Is ní rachaidh aon smut i m’ bhéal de, But I vow and swear you’ll dearly pay For my fine fat goose you’re ateing!” Curfá Greadadh croí cráite ort, a mhaidrín ghránna, A rug uaim m’ál breá géanna, Mo choiligh mhóra bhreátha ‘s mo chearca ‘bhí go hálainn, Is mo lachain bheaga ab fhearr a bhí in Éirinn! Curfá deiridh: Tally ho lena bhonn! Tally ho lena bhonn! Tally ho lena bhonn, a choileáinín! Tally ho lena bhonn! Tally ho lena bhonn! Agus barr a dhá chluas in airde!