An Mhaighdean Mhara

Unique Word Count: 68

Is cosúil gur mheath tú nó gur thréig tú an greann; 
Tá an sneachta go frasach fá bhéal na trá;
Do chúl buí daite is do bhéilín sámh
Siúd chugaibh Maeirí Chionnaith is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.

A mháithrín mhilis dúirt Máire bhán,
Fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trá, 
Maighdean mhara mo mháithrín ard.
Siúd chugaibh Maeirí Chionnaith is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.

Tá mise tuirseach agus beidh go lá,
Mo Mháire bhruinngheal is mo Phádraig bán, 
Ar bharr na dtonna is fá bhéal na trá,
Siúd chugaibh Maeirí Chionnaith is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.

Tá an oíche seo dorcha agus tá an ghaoth i ndrochaird,
 Tá an tseisreach ina seasamh sna spéarthaí go hard.
Ach ar bharr na dtonna is fá bhéal na trá,
Siúd chugaibh Maeirí Chionnaith is í i ndiaidh an Éirne a shnámh.