Unique Word Count: 91
Chuaigh mé suas go Corcaigh Ar maidin mhoch Dé Mairt Is casadh orm ollphéist Ag coisíocht ar an tsráid. Ó is bréag, ó is bréag ó is bréag atá tú a rá. Bhí’n ollphéist ag gnúsachtaigh Go callánach is go garbh Is cé gur chuir sí eagla ar go leor Is beag a chuir sí orm. Bhí an solas óna súile Chomh geal leis a’ ghrian Is bhruithfeá thusa práta Leis an teas a bhí ’na béal Is dá bhfeicfeadh sibh an méid A bhí sna súile ina ceann Is na hingne ar a dhá spág Chomh géar leis an lann. Bhí’n ruball ar an ollphéist Chomh fada leis a’ lá Is bhí cos amháin sa Mholl Thuaidh Is an ceann eile sa Mholl Theas. Tá cuid agaibh ’tá amhrasach Nach bhfuil mo scéal fíor Ach is mise a bhí i gCorcaigh Is a chonaic é dom féin.