Unique Word Count: 117
Ar mo ghabháil dom siar go Droichead Uí Mhórdha Píc i mo dhóid, is mé ag gabháil i meitheal. Cé chasfaí orm i gcumar ceo Ach pocán crón is é ar buile. Curfá: Ailliliú Ailliliú Ailliliú Tá an poc ar buile Ailliliú, puilliliú Ailliliú, tá an poc ar buile. Bhuel, rith muid trasna trí ruilleogach Agus ghluais an comhrac ar fud na muinge, ‘S treascairt dá bhfuair sé sna turtóga Do chuas in’ ainneoin ar a dhroim le fuinneamh Curfá Níor fhág sé carraig a raibh scot ann Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh. Is ea ansin a chaith sé an léim ba mhó Le fána mhór na faille brice. Curfá Bhí garda mór i mBaile an Róistigh Is bhailigh fórsaí chun sinn a chlipeadh. Ach bhuail sé rop’ da adharc sa tóin air Is dá bhríste nua do dhein sé giobail Curfá I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an trathnóna Bhí an sagart paróiste amach 'nar gcoinne, Is é 'dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis A ghabh an treo ar phocán buile. Curfá