Unique Word Count: 129
Ó bhí mé lá breá gréine ag gabháil an ród seo siar Casadh cailín óg orm ‘s í ag bleán na mbó cois claí Beirimse fhéin mo mhóide dhi as an rós a bhí ina haghaidh Ó gluais is tar an bóithrín liom ag baint an Fhómhair bhuí. Ó bhí mé glic go leor leis an spóirt a chur ‘un cinn Chuaigh muid go teach an ósta ‘gus is dóigh gur shuigh muid síos Bhí fíon is púins ar bord a’ainn ach is ormsa ‘bhí é íoc Is gur imigh sé síos an bóithrín uaim is mo raca ‘na phóca thíos. “Is nach brónach an bhean go lá mé a stóirín”, a deir sí “Ní dhéanfaidh mé spraoi ná gáire nó go dtigid sé an ród seo ‘rís Tá an ghruaig ag titim ‘na dualaí dhíom ‘s gan cheo a’am a réiteodh í Ó chaill mé an raicín álainn ‘bhíodh go hard i gcúl mo chinn”. Is tiocfaidh sé an ród seo amáireach is cuirí’ céad fáilte faoi Socraigh cathaoir chláir dhó go hard i lár an tí Bain a hata dhá cheann ‘s ná bíodh cás ná náire ort faoi Nó go bhfaigh’ mé an raicín álainn ‘bhíodh go hard i gcúl mo chinn.