An Saighdiúir Tréigthe

Unique Word Count: 141

Nuair a d’éirigh mé ar maidin Dé Céadaoin 
Char choisric mé m’éadan faraor,
Nó gur bheir mé ar an arm ba ghéire, 
Agus chuir mé a bhéal le cloich líof’.

Chaith mise díom mo chuid éadaigh,
Is mo chiall mhaith gur lig mé le gaoith,
‘S nuair nár chuala mé iomrá ar mo chéadsearc 
Órú, steall mé an chorrmhéar ón alt díom.

Deir daoine go bhfuil mé tinn treallach,
Is nach bhfuil faoiseamh ag m’aicíd le fáil,
Ó chuir mé mo spéis ins an spéirbhean,
‘Tá ‘na cónaí ar mhalaí an tSleibh’ Bháin.

Is trua nach marbh a bhí m’athair
Nuair a chuir sé mé go harm an Rí;
Is gurb í an uaigh mo chrua-leaba feasta: 
Is a chéadsearc, nach trua leat mo luí.

Is fada mo chosa gan bhróga;
‘Gus is faide mo phócaí gan phighin; 
Is fada mé ag ól le mná óga,
Ach char ól mé riamh deoir le mo mhian.

Nach fada mo chrá croíse á dhéanamh, 
Is mo thumba á bhreacadh ag saor
Mo chónair á tógail lá an Earraigh Is na buachaillí óga ag dul fúm.

Dá mbeinnse naoi mbliana faoi thalamh, 
Nó i bhfiabhras na leaba mo luí,
A chéadsearc dá dtiocfá is m’fhiafraí,
Scéal cinnte go mbeinn leat i mo shuí.

Tá mé tinn tréithlag i m’aigne,
Is deir daoine gur chaill mé mo shnua 
Leis an iomataí dúil insa chailín
 
‘Tá ina cónaí os cionn Bhaile an Iúir.