An Seanduine

An Seanduine – Leagan 1

Unique Word Count: 120

Chuir mé mo sheanduine isteach ins an choirnéal 
A dhíol bhainne ramhair is a dh'ithe aráin eornan
Dá gcuirfeadh sé a cheann amach bhainfinn an tsrón de 
Agus d'fhuígfinn an chuid eile ag na cailíní óga

Curfá: 
Óró, 'sheanduine, 'sheanduine dóite
Is óró, 'sheanduine is mairg a phós thú 
Óró, 'sheanduine, 'sheanduine dóite 
Luigh ar do leaba is codail do dhóthain

Dá bhfaigheadh mo sheanduine gach ní mar ba chóir dó 
Greamanna ime agus greamanna feola
Íochtar na cuinneoige is prátaí rósta 
Bhainfeadh sí gliogar as cailíní óga

Curfá

Dá mbeadh a fhios ag mo sheanduine ó mar a bhímse 
Ag ól is ag imirt le hógfhir na tíre
Le héirí na gealaí go mbrisfeadh sé a phiopa
agus bhuailfeadh sé faic dena bhuig insa ghríosaigh.

Curfá

Chuir mé' mo sheanduine go sráidbhaile an Róba 
Cleite ina hata agus búclaí ar a bhróga
Bhí triúr á mhealladh is ceathrar á phógadh 
Chuala mé i nGaillimh gur imigh sé leotha

Curfá

Dá bhfaighinnse mo 'sheanduine báite i bpoll móna 
A chosa bheith briste is a chnámha a bheith leonta
Do thabharfainn abhaile é is dhéanfainn é a thórramh
'Gus shiúlfainn amach leis na buachaillí óga.

Curfá

An Seanduine – Leagan 2

Unique Word Count: 127

Comhairle a fuaireasa amuigh ar an mbóthar 
Ó rógaire sagairt an seanduine a phósadh
Ach ba chuma leis siúd ach go méadóinn a phóca
Is go mbeinn fad a mhairfinn ag brath ar na comharsainn

Curfá
:
Ó dheara 'sheanduine, leatsa ní gheobhadsa 
Ó dheara 'sheanduine, loscadh is dó ort
Ó dheara 'sheanduine, leatsa ní gheobhadsa
Is dá mbeinnse i mbéal dorais ná beirimse beo ort

Chuasa go Corcaigh ag triall ar ghléas tórraimh
Píopaí tobac agus cláracha comhrann
Ar mo theacht dom abhaile go tinn tuirseach brónach
Cá bhfaighinnse mo 'sheanduine ach ag róstadh muicfheola

Curfá

Dá bhfaighinnse mo 'sheanduine báite i bpoll móna e
A chosa bheith briste is a chnámha a bheith leonta
Do thabharfainn abhaile é is do dhéanfainn é a thórramh
Is do shiúllóinn amach leis na buachaillí óga

Curfá

Má phósainn tú an seanduine, pósfaidh tú claidhaire
Fágfaidh sé a bhalcaisí romhat ar a staighre
A déanamh ar maidean beidh sé ag cnáimhseáil le claidhreacht
Is siar sa tráthnóna beidh ag seimint go meidhreach

Curfá

Phósas an seanduine, is orm bhí díchéille
Dheineas an méid sin ar chomhairle mo ghaolta
Chuas abhaile leis faraoir an scéal sin
Is déiríos ar maidin is bfhearr liom an t-éag liom

Curfá deiridh:
Ó dheara 'sheanduine, leatsa ní gheobhadsa 
Ó dheara 'sheanduine, loscadh is dó ort
Ó dheara 'sheanduine, leatsa ní gheobhadsa 
Is cúpla Domhnach a chuirfidh fén bhfód thú