An Sneachta

Unique Word Count: 37

Written by: Séan Ó Finneadha

Thit sneachta bog bán
Anuas ón spéir,
Nuair a bhí mé im luí
Ar mo leaba aréir

Tá sneachta bog bán
Anois I ngach áit
Ar theach is ar chrann,
Ar shráid is ar pháirc

Againn a bheidh spóirt,
Mé féin agus Seán,
Ag súgradh inniu
Sa sneachta bog bán.