Unique Word Count: 97
Written by: Tadhg Ó Raghallaigh
Is aoibhinn linn an sneachta
Ag teacht anuas ón spéir,
Ina luí mar bhrat ar bhóithre -
Bráillín ar bharr an fhéir
Ar pháistí óga bíonn an-mheidhir
Agus áthas ar a gcroí,
Ag éirí dóibh ar maidin
Agus súil acu le spraoi
D'éiríos Dé hAoine an-mhoch
Le rith amach sa chlós,
Mo bhróga síos go halt a chuaigh,
Gan radharc agam ar rós
Ná bláth ar bith ná tor sa pháirc;
An sneachta thit go trom
Na crainn ag lúbadh 'nuas go féar
Agus ciúnas fud an domhain.
Dhearcas tharam thall 's abhus -
An domhan go léir go ciúin
Gan fuaim le cloisteáil timpeall;
An dúiche bhí faoi rún.
D'imigh an brat ó pháirc is tor,
A rian 'na dhiaidh níor fhág,
Ach ceann an phlúirín sneachta
Ag gobadh aníos gan cháim.