An Súisín Bán

Unique Word Count: 224

Thíos i Sligeach chuir mé eolas ar na mná 
Agus thuas i nGaillimh d'ól mé leo mo sháith; 
Dar brí mo bhaiste, mura ligfidh siad dhíomsa seal mar táim,
Déanfaidh mise cleas is rachaidh se ó rún ar na mná!

Nach é an cat marbh a chas ' na tíre seo mé 
Is a liachtaí óigbhean deas a d'fhága mé mo dhéidh,
Nuair a casadh mé sa teach a raibh searc is rún mo chléibh,
Chuir an chailleach amach le casadh an tsúgáin mé !

Tá mo cheannsa liath is, a Dhia, cé náir dhom é,
Is nach mbeathaíonn briathra gan bhia na bráithre féin;
Chaith mé seacht mbliana do d'iarraidh 's do d'fháil dom féin,
's nach coséil le iascaire i ndiaidh a shárú leat me!

B'ait liom bean a d'fhanfadh bliain lena grá, 
B'ait liom bean a d'fhanfadh bliain uilig is lá, 
Níorbh ait liom bean a bheadh leatsa, is liomsa ar ball,
'Sí mo ghrá an bhean a d'fhanfadh ar aon staid amháin!

Má bhíonn tú liom bí liom, a ghrá geal mo chroí,
Má bhíonn tú liom bí liom os comhair an tsaoil, 
Má bhíonn tú liom bí liom gach orlach i do chroí,
'S é mo léan nach liom tráthnóna thú mar mhnaoi!

Rinne mise cleas i dteach Uí Dhomhnaill aréir, 
'S an dara cleas i dteach Uí Raghallaigh lena thaobh,
An triú cleas — ach cén gar tá ag áireamh mo sceil?
Mar is minic a bhain fear slat a bhuailfeadh é féin !

Threabhfainn is d'fhuirsinn is chuirfinn síol sa gcré,
Agus sheolfainn na ba san eanach ba mhilse féar,
Chuirfinn crú ar an each is deise dar shiúil an féar
'S go n-éalodh bean le fear nach ndéanfadh é sin féin!

'S a chairde gaoil, caoinidh amáireach mé,
Do mo cheangal le mnaoi is gan m'intinn sásta léi,
Mar gheall ar mhaoin bheag shaolta nárbh fhearrde mé —
Trí ba, caoirigh agus caoifeach mná gan chéill !

'S an gcluin tú leat mé, a ghiolla, atá ag iarraidh mná?
Fill abhaile is caith an bhliain mar táir,
Mura bhfuil tú spreacúil neartúil faoi do lár
'S le fear ón sliabh na buaibh, 's beidh fhios cén fear is fearr !

Is intinn chleasach mheangach atá ag na mná 
Is go dtugann siad gealladh d'fhear 's do chéad 'n aon lá amháin;
Duine bocht mise d'imir is d'ól leo mo sháith 
Nó gur chuireadar an cluiche orm le bogadh an tsúisín bháin!